Seanduine Dóite
Comhairle a fuaireasa amuigh ar an mbóthar
Ó rógaire sagairt an seanduine a phósadh
Ach ba chuma leis siúd ach go méadóinn a phóca
Is go mbeinn fad a mhairfinn ag brath ar na comharsainn
Ó dheara 'sheanduine, leatsa ní gheobhadsa
Ó dheara 'sheanduine, loscadh is dó ort
Ó dheara 'sheanduine, leatsa ní gheobhadsa
Is dá mbeinnse i mbéal dorais ná beirimse beo ort
Chuasa go Corcaigh ag triall ar ghléas tórraimh
Píopaí tobac agus cláracha comhrann
Ar mo theacht dom abhaile go tinn tuirseach brónach
Cá bhfaighinnse mo 'sheanduine ach ag róstadh muicfheola
Dá bhfaighinnse mo 'sheanduine báite i bpoll móna
A chosa bheith briste is a chnámha a bheith leonta
| Do thabharfainn abhaile é is do dhéanfainn é a thórramh |
| Is do shiúllóinn amach leis na buachaillí óga |



Chun tagairtí a dhéanamh login OR signup and activate your account by clicking the activation link in the signup confirmation email.