Labhair An Teanga Gaeilge Liom
"Labhair An Teanga Gaeilge Liom"
Ó labhair an teanga Ghaeilge liom,
A chuid mo chroi a stór,
An teanga a labhair mo mháthair liom,
In Éirinn ghlas fadó.
'Sí teanga bhinn ár sinsear í,
An chaint is milse glór:
Ó labhair an teanga Ghaeilge liom,
Is bain dem'chroí an brón.
Ó labhair an teanga Ghaeilge liom,
'Sí teanga cheart na nGael:
An teanga bhinn is ársa 'ta
Lé fáil ar fud an tsaoil.
A stór mo chroí is beannacht ort,
A chailín óig gan cháim,
Cá bhfuil sa saol aon teanga mar
Ár dteanga féin le fáil?
Ó labhair an teanga Ghaeilge liom,
A chuid mo chroí a stór,
An teanga a labhair mo mháthair liom,
In Éirinn ghlas fadó.
'Sí teanga bhinn ár sinsear í,
An chaint is milse glór:
Ó labhair an teanga Ghaeilge liom,
Is bain dem'chroí an brón.
Ó labhair an teanga Ghaeilge liom,
Is bain dem'chroí an brón.
-
milseog milis
12 mí ó shin
Chun tagairtí a dhéanamh login OR signup and activate your account by clicking the activation link in the signup confirmation email.



Tagairt (1)