An Rógaire Dubh - le Peadar Ó Ceannabháin
An Rógaire Dubh
Tá mo stoca is mo bhróga ag an rógaire dubh, x3
Mo naipicín póca le bliain sa lá inniu.
Portaireacht
Tá nead insa sliabh ag an rógaire dubh, x3
Ní ghabhfaidh sé an bóthar ach cóngar an chnoic.
Dá bhfeicteása Máire taobh eile den tsruth, x3
Is a dhá chois in airde ag an rógaire dubh!
Na Ceannabháin Bhána
Goirim féin, goirim féin, goirim féin, goirim féin Micil is Máire
Goirim féin, goirim féin, goirim féin seo'd iad na Ceannabháin Bhána.
Cuirfidh mé, cuirfidh mé, cuirfidh mé, cuirfidh mé suas chuig Sadhbh Sheáin thú
Cuirfidh mé, cuirfidh mé, cuirfidh mé, is cuirfidh sí buairín sa ngleann ort.
Páidín Ó Raifeartaigh
Bríste gan básta 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh
Hata buí ard 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh
Cosa caola arda 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh
Is d'éalaigh mo ghrása le Páidín Ó Raifeartaigh.
Curfá
Faidhfilileá, faidhfilil adió
Faidhfilileá is faidhfilil adió
Bríste go glúine 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh
Hata gan bonn 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh
Cosa buí arda 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh
Ach d'éalaigh mo ghrása le Páidín Ó Raifeartaigh.
Éirigh i do shuí a Pháidín Uí Raifeartaigh
Faraor ní fhéadaim tá ioscadaí lag ionam
Tá mé san aois ach níl trí troithe ar fad ionam
Féach mar sin fhéin go raibh mealladh na mban ionam!
Cailín 'tigh mhóir go deo ní ghlacfaidh mé
Bíonn sí nuall-ghuthach stuacach feargach
Bíonn buille ar gach ní ar chat is ar mhada aici
Amach sa meán-oíche bíonn focal na faire aici.
Cailín ón sliabh go fóill a bheas agamsa
Blífidh sí an bhó agus ceanglóidh sí an capall dhom
Déanfaidh sí an císte, mo chuid ime 'gus bainne dhom
Is go deo deo ní éalóidh le Páidín Ó Raifeartaigh.
-
Grady O Do...
13 mí ó shin
Chun tagairtí a dhéanamh login OR signup and activate your account by clicking the activation link in the signup confirmation email.



Tagairt (1)