Iníon An Fhaoit' ón nGleann - Cathrach Mac Craith
Maidin cheoch nuair a dh'éiríos
is do ghabhas amach na coillte
Is ansúd a bhuail an treaghd mé
ná leigheasfar faraor,
Do chuala 'n bhruinneall mheidhreach
i lúb na coille ag éisteacht,
Is do las mo chroí le graidhin di
nó gur dea-bhean dom í.
Agus siúil, a chuid, bí ag gluaiseacht
gan scíth, gan stad, gan fuarú,
Tá an oíche ghairid shamhraidh ann
agus beam araon ar siúl,
Gheobhair aoibhneas bailtí móra
agus radharc lem' thaobh ar chuanta,
Is a Chríost, nach ró-bhreá 'n uain í
le hiníon an Fhaoit' ón nGleann.
Dá mbeinnse lá breá gréine
im' shuí ar bhinn an tsléibhe
An lón dubh 's an cheirseach
's iad a' seinniúnt os mo cheann;
Ba dheas do scríobhfainn véarsa
agus b'ionadh leo mar a léifinn
D'fhonn bheith suite taobh leat,
a Iníon an Fhaoit' ón nGleann.



Tagairt (1)