An Churach ó Lurgan
Tharla sé sa mbliain míle naoi gcéad go raibh fir ag obair sa bportach, ag déanamh caidhséir sa
bportach i Lurgan, Adergoole, i mBaile an Mhuilinn. Tháinig siad ar píosaí admhaide, gar go
leor lena chéile, gan iad ach cúpla orlach ó bhun na caidséir agus mheasadar ar dtús gurb
gnáth admhad portaigh a bhí ann. Ghearr siad a dóthain admhaide as an mbealach i dreo is go
mbeadh bun na caidséir cothrom agus níor smaoinigh siad rud ar bith eile faoi go dtí Mí
Lúnasa na bliana sin nuair a tháinig Pat Coen,an duine gur leis an portach, chun an chaidséar a
dhéanamh níos doimhne. Tháinig sé ar an admhaid portaigh áirithe seo agus bhí ionadh air go
raibh sé ceangailte le struchtúr a chuir cónra i gcuimhne dó. Ghlan siad an láib ar fad ón
admhaid agus tar éis é sin a dhéanamh, tugadh le fios dó gurb curach a bhí inti, curach a bhí
ina luí, ocht dtroith faoi ghnáth léibhéal an phortaigh, nó ar a laghad, an leibhéal a bhí ann
nuair a tháinig Pat Coen air.
D‟inis sé a scéal, faoin méid a bhí sé tar éis teacht ar agus tar éis cuid mhaith teagmhála,
chuir Father Kelly ó Bhaile an Mhuilinn an ábhar faoi aird agus faoi churam Sir Thos.
Esmonde. Thug Esmonde cuairt ar an áit ansin agus cheannaigh sé an curach ó Pat Coen do
Acadamh Ríoga na hÉireann ar luach £25. Ní raibh cearta an bháid ag Coen, an tiarna talún
ansin. Is ag an Acadamh Ríoga na hÉireann a bhí an úinéireacht. Tháinig foireann oibre ón
Iarsmalann i mBaile Átha Cliath tar éis na Nollag agus cé nach raibh sé easca é a dhéanamh,
tarraingaíodh an churach amach as an bportach agus tógadh í chuig an staisiúin iarnróid i
mBaile an Mhuilinn. Cuireadh go curamach ar thrí ollthráliúirí iarainn. D‟fhág sí Tuaim ar an
20 lá de Mhí Éanair, ar a haistear dheireanach.
Tá sí fós le feiceáil inniu in Iarsmalann na hÉireann i mBaile Átha Cliath
-
Joe Lurgan
13 mí ó shin
-
SeamusOSca...
13 mí ó shin
Chun tagairtí a dhéanamh login OR signup and activate your account by clicking the activation link in the signup confirmation email.



Tagairt (3)