eh...casacht eadrom...leithscéalach.....níl aon tuiseal ginideach ag an bhfocal "amárach". pointe gramadaí, ochón, fanann sé mar "amárach" i gconaí. Marc breise san ardteist do dhuine éigin!
Ní hé go raibh sé i gceist droch casacht a chuir ort a Uinsinn ach tá an téarma " ...an lae amáraigh " luaite agus úsáidí sách minic sa gcaint. Mo leithscéal nach bhfuil an cur amach ceart agam ar an bpointe gramadaí a luann tú. Mar eolas dhuit, tá an leagan mídhleathach céanna úsáidí ag Peig Sayers ina leagan taifeadta den phaidir "Coigilt na Tine" (Féach thíos)
Coiglím an tine seo leis na fearta a fuair Pádraig. Na haingil á conlach, nár spiúna aon námhaid í. Go ndéana Dia díon dár dtigh, dá bhfuil ann istigh, dá bhfuil as amuigh. Claíomh Chríost ar an doras go dtí solas an lae amáraigh.
Tagairt (5)