Faigh amach céard atá ar siúl ag "Scoil", @Scoil Fiseain

Cláraigh anois agus beidh tú fhéin páirteach i réabhlóid na teanga.

AbairLeat! App
Ag teacht Fómhar 2012

Grá faoi ghlas 11

Displaying: 1 of 1

Agus é spreagtha chun gnímh ag magadh Rita, tograíonn Darren ar bhéile a ullmhú do Shorcha, chun í a mhealladh. Ceapann Réiltín go bhfuil sé seo andeas go deo. Tá Réiltín agus Máirtín cairdiúil le chéile arís. Cloiseann Bríd Úna í ag insint do Mháirtín faoin dinnéar atá Darren ag brath a ullmhú do Shorcha. Bíonn míthuiscint ar Bhríd Úna maidir le cé dó an béile atá á réiteach ag Darren. Ceapann sí go bhfuil Darren á réiteach do Réiltín agus Máirtín. Socraíonn Bríd Úna an ócáid a scrios orthu. Nuair a thagann Sorcha isteach leis an mbéile a chaitheamh, breathnaíonn sí sa phota ar an gcócaireán. Tá Báinín á bheiriú sa phota 

Seol ar aghaidh é seo

Dún
Invalid e-mail format, please try again

Tá ríomhphost seolta chuig do chara/cairde

Remove Email

You are about to remove the selected emails from your list. Are you sure you want to remove them?

Yes
Cancel
Roghnaigh uilig Díroghnaigh uilig Bain den liosta

Report Inappropriate Content

Close
Details
Operations

Thank You!

The safety and legitimacy of AbairLeat!'s content is paramount to us. We will be investigating this content shortly. Here is what you reported:

Report Category Harmful of Dangerous Acts Report Detail Drug Abuse
Additional Information

Lorem ipsum dolor sit amet consectetuer adipiscing elit penubrum purous

Tagairt (1)

  • Author
    Scoil Fiseain 2 mí ó shin

    Ar an aonú lá déag tá sé socraithe ag Darren Sorcha a mhealladh. Tá sé tar éis
    fanacht fada go leor.
    Darren Maidin mhaith, a Shorcha.
    Sorcha Fan bomaite. So, caide mar atá tú?
    Darren Togha. Éist bomaite.
    Sorcha An bhfuil tusa ag magadh faoi mo chuid Ghaeilge?
    Darren Níl! Is breá liom do chuid Ghaeilge. Ach tá ceist agam ort.
    Sorcha ‘Sea.
    Darren Ba mhaith liom dinnéar a dhéanamh duit anocht.
    Sorcha Domsa?
    Darren Don bheirt againn.
    Sorcha An bhfuil tú go maith ag cócaireacht?
    Darren Tá – sílim.
    Sorcha Maith go leor mar sin.
    [Sorcha Shíl mé nach gcuirfeadh sé ceist orm choíche.]
    Réiltín Darren?
    Sorcha ‘Sea.
    Réiltín Ó, nach deas é sin? Dinnéar do bheirt! Nach iontach an scéal é sin,
    a Bháinín?
    Sorcha Tá súil agam go bhfuil sé ábalta cócaireacht anois!
    Réiltín Anois a Bháinín.
    Máirtín Cén chaoi a bhfuil tú, a Réiltín?
    Réiltín Ó togha leoga.
    Máirtín Aon scéal agat?
    Réiltín Diabhal scéal, ach tá dea-scéal ag Sorcha.
    Máirtín Mar sin é?
    [Bríd Úna Réiltín! Níl muinín dá laghad agam aisti. Í féin agus a “Cén chaoi a
    bhfuil tú, a Mháirtín?” Caithfidh mé súil ana-ghéar a choimeád
    uirthisean.]
    Máirtín Dinnéar a ba ea?
    Réiltín ‘Sea, beidh sé an-rómánsach nach mbeidh?

     

    Máirtín Dar Dia beidh.
    Réiltín Fear agus bean ina suí le chéile. Ag breathnú isteach ar shúile le
    chéile.
    Máirtín Ní bheadh caill ar bith air. Agus is ea Darren a dhéanfas an
    chócaireacht?
    Réiltín ‘Sea. Tá sé an-deas, nach bhfuil?
    Máirtín Braithim go bhfuil.
    [Bríd Úna An pleidhce sin Darren ag ullmhú dinnéir don óinseach sin as New
    Jersey agus Máirtín s’agamsa. Is mise atá ag siúl amach le Máirtín!]
    Réiltín Tá gruaig álainn ort.
    Sorcha Tá sí rófhada faoi láthair.
    Réiltín Níl. Ba bhreá liom dá mbeadh gruaig mar sin ormsa.
    Sorcha Ar thriail tú riamh í a scuabadh siar?
    Réiltín Ó níor thriail le fada.
    Sorcha Goitse. Suigh síos anseo agus taispeánfaidh mé duit cad atá i
    gceist agam.
    Réiltín Ceart go leor.
    Sorcha Tá sí iontach deas mar sin.
    Réiltín Meas tú?
    Sorcha Tá mé á rá leat.
    [Bríd Úna An strap (striapach?) sin as Tír Chonaill ag cabhair leis an óinseach
    sin as New Jersey Máirtín s’agamsa a mhealladh! Is mise atá ag
    siúl amach le Máirtín (faoi thrí)]
    Réiltín Báinín? Cá bhfuil tú?
    Sorcha Tá an tábla seo go hálainn.
    Darren Go raibh maith agat.
    Sorcha Caide atá ar an bhiachlár? Ní aithním an boladh.
    Réiltín A Bháinín! A Bháinín!
    Sorcha Oiread potaí agat!
    Réiltín A Bháinín!
    Comhrá: An bhfuil áthas ar Shorca go bhfuil Darren ag réiteach béile di? Cad é
    an fhianaise go bhfuil/nach bhfuil sí?
    Cad a cheapann Réiltín faoi phlean Dharren? – an fhianaise?
    Cad a cheapann Máirtín faoi phlean Dharren? – an fhianaise?
    Cad a cheapann Bríd Úna nuair a fheiceann sí Sorcha ag cuidiú le Réiltín? An
    fhianaise?
    Cad chuige a chuir Bríd Úna an bréagán sa phota?

     

Chun tagairtí a dhéanamh login OR signup and activate your account by clicking the activation link in the signup confirmation email.

Scoil Fiseain

19 Nuashonra

Designer
  • Ainm
  • Sloinne
  • Tir
  • Cathair / Contae
Twitter:
Suíomh Idirlín
Bio:
Loading…
  1. AbairLeat

    Abair Leat


    62 Updates Updated: 10 lá ó shin
  2. As_Acaill

    Diarmuid Gielty


    2 Updates Updated: 1 mí ó shin

Nuashonraí roimhe seo / ina dhiadh seo

Tuilleadh ó Scoil

Copyright © 2012 Contain LLC. All rights reserved