Faigh amach céard atá ar siúl ag "Scoil", @Scoil Fiseain

Cláraigh anois agus beidh tú fhéin páirteach i réabhlóid na teanga.

AbairLeat! App
Ag teacht Fómhar 2012

Grá faoi ghlas 10

Displaying: 1 of 1

Tagann Réiltín ar an bhfód. Tá an-suim aici a bheith ag caint le Máirtín. Níl aon ghlacadh ag Bríd Úna leis an scéal seo. Tá éad uirthi. Bagraíonn sise ar Réiltín. Deir Réiltín nach sin an cineál duine í. Ach tá Máirtín tógtha léi. Déanann sé iarracht a bheith ag crúbáil uirthi, ach buaileann Réiltín san éadan é. Níl mórán taithí ag Máirtín ar an gcineál seo iompair ó mhná, agus méadaíonn sé an spéis atá aige i Réiltín! Tá Bríd Úna breá amhrasach faoi Réiltín. Deir Réiltín go bhfuil trua aici do Bhríd Úna. Tá Réiltín ina luí ar a leaba lena coinín beag, Báinín. Deir Bríd Úna gurb é Báinín an t-aon rud a mheallfaidh Réiltín isteach sa leaba. Tá Rita ag spochadh as Darren. An bhfuil dóchas caillte aige? Nó ar theip ar a mhisneach maidir le Sorcha? Deir Darren nár theip nó baol air. Taispeánfaidh sé do Rita céard is féidir leis a bhaint amach.

Seol ar aghaidh é seo

Dún
Invalid e-mail format, please try again

Tá ríomhphost seolta chuig do chara/cairde

Remove Email

You are about to remove the selected emails from your list. Are you sure you want to remove them?

Yes
Cancel
Roghnaigh uilig Díroghnaigh uilig Bain den liosta

Report Inappropriate Content

Close
Details
Operations

Thank You!

The safety and legitimacy of AbairLeat!'s content is paramount to us. We will be investigating this content shortly. Here is what you reported:

Report Category Harmful of Dangerous Acts Report Detail Drug Abuse
Additional Information

Lorem ipsum dolor sit amet consectetuer adipiscing elit penubrum purous

Tagairt (1)

  • Author
    Scoil Fiseain 2 mí ó shin

    Ar an deichiú lá tá iomaitheoir nua ag teacht isteach sa Teach Faoi Ghlas
    [Tagann Réiltín isteach]
    Réiltín Dia duit.
    Máirtín Dia ‘s Muire duit.
    Réiltín Is tusa Máirtín, ab ea?
    Máirtín Is mé.
    Réiltín Aithním ón teilifís thú.
    Máirtín Bhí tú ag breathnú orainn istigh?
    Réiltín Tá an saol ar fad ag breathnú oraibh. Is mise Réiltín.
    Máirtín An as Conamara thú, ab ea?
    Réiltín Ní hea.
    Máirtín Cárbh as tú mar sin?
    Réiltín As Meiriceá, New Jersey.
    Máirtín Go deas. Is breá an Ghaeilge atá agat.
    Réiltín Go raibh míle maith agat.
    [Máirtín Níl caill ar bith ar an Réiltín sin. Tá sí go deas.]
    Réiltín …agus bhuaigh muid an rás.
    Máirtín Is deas é casadh le cailín a bhfuil suim aici i rásaí na gcurach.
    [Tagann Bríd Úna isteach i ngan fhios dóibh]
    Máirtín Bríd Úna! Is tú féin atá ann.
    Bríd Úna Is mé.
    Réiltín Bríd Úna, is maith liom casadh leat?
    Bríd Úna Gabh mo leithscéal, an bhfuil aithne agam ortsa? Réiltín Réiltín is ain

    Réiltín Réiltín is ainm dom. Is mise an duine nua sa teach.
    Bríd Úna Tuigim. A Mháirtín, tá mé ag fanacht leat. Beidh an bord leadóg
    bhoird tógtha ag duine éigin eile muna ndéanann tú deifir.
    Máirtín Beidh mé ag caint leat.
    [Sa seomra leapa]
    Réiltín Anois a Bháinín. Luigh siar ansin ar do chompord.
    [Tagann Máirtín isteach]
    Máirtín Cén chaoi a bhfuil tú?
    Réiltín Togha leoga, a Mháirtín. Ar ag cuardú Bríd Úna a bhí tú?
    Máirtín Ní hea dáiríre, bhí mé ag iarraidh a fháil amach an bhfuil spéis
    agat cluiche pócair a imirt liom.
    Réiltín Pócar ab ea?
    Máirtín ‘Sea, pócar.
    Réiltín Níl mórán scile agam ann, déanaim an fhírinne leat.
    Máirtín Tiocfaidh tú isteach air gan aon stró. Cailín breá éirimiúil mar thú.
    Réiltín Tá tú lán de phlámás, a Mháirtín.
    Máirtín Diabhal plámás ar bith é. An mbíonn tú ag plé le coiníní?
    Réiltín Seo duit Báinín. Tagann sé chuile áit liom.
    Máirtín Chuile áit ab ea?
    Réiltín Ó ‘sea, tá go leor taistil déanta agam. Nach bhfuil a Bháinín?
    Máirtín Ba bhreá liom féin imeacht ag taisteal.
    [Tagann Bríd Úna isteach]
    Bríd Úna A Mháirtín, tá Darren do do lorg. Sa seomra aclaíochta atá sé.
    Máirtín Togha mar sin [imíonn sé]
    Bríd Úna Cogar i leith chun tusa, a chailín. Is mise atá ag dul amach le
    Máirtín.
    Réiltín Ó tá a fhios agam sin.
    Bríd Úna Má chloínn tusa le do choinín beag ní bheidh deacraíocht ar bith
    eadrainn. An dtuigeann tú go maith mé?
    Réiltín Tuigim.
    [Réiltín Tá trua agam dóibh. Don bheirt acu, ar bhealach.
    Agallóir Cad atá i gceist agat?
    Réiltín Níl an caidreamh atá acu bunaithe ar ghrá.
    Agallóir Céard atá ann mar sin?
    Réiltín Níl ann ach drúis. Drúis, sin an méid.]
    [Sorcha Sílim go bhfuil suim caillte aige ionam.]
    [Darren Níl, ach níl mé ag iarraidh brú a chur uirthi. Tá mé ag ceapadh nach
    bhfuil mórán suime aici ionam.
    Agallóir So, cad a dhéanas tú?
    Darren Níl a fhios agam.]
    Rita Nach bhfuil sibh ag caint le chéile?
    Darren Tá.
    Rita So, cad atá sibh ag rá?
    Darren Á lig dom.
    Rita Lig dom! Tá an grá san aer mar sin. Ach cén fáth a rithfeá ina
    diaidh? Níl seans agat léi sin.
    Darren Meas tú? Rita Tá mé cinnte.
    Darren Bhuel, feicfimid, a Rita, feicfimid.
    Ceisteanna
    1. Cén scéala atá ag Réiltín ón saol mór mar gheall ar an gclár An Grá Faoi
    Ghlas?
    2. Cén fianaise atá san eipeasóid seo gur duine éadmhar í Bríd Úna?
    3. An dóigh leat go bhfuil Máirtín “lán de phlámás”?
    4. Cad chuige a bhfuil trua ag Réiltín do Mháirtín agus do Bhríd Úna?
    5. Is léir nach bhfuil Sorcha agus Darren ag réiteach rómhaith le chéile faoi
    láthair, ach an síleann tú go bhfuil Rita ag cabhrú leo nuair a thugann sí
    comhairle do Dharren?

     

     

Chun tagairtí a dhéanamh login OR signup and activate your account by clicking the activation link in the signup confirmation email.

Scoil Fiseain

19 Nuashonra

Designer
  • Ainm
  • Sloinne
  • Tir
  • Cathair / Contae
Twitter:
Suíomh Idirlín
Bio:
Loading…
  1. AbairLeat

    Abair Leat


    62 Updates Updated: 10 lá ó shin
  2. As_Acaill

    Diarmuid Gielty


    2 Updates Updated: 1 mí ó shin

Nuashonraí roimhe seo / ina dhiadh seo

Tuilleadh ó Scoil

Copyright © 2012 Contain LLC. All rights reserved