Grá faoi ghlas Clár 3 Ócáidí Sóisialta
Tá na hiomaitheoirí ag réiteach don chéad bhabhta vótála – beidh duine éigin
ag fágáil an tí anocht. Breithlá Chonor atá ann. Tá sé tríocha a cúig. Is aisteach
le Darren é seo, mar gur dhúirt Conor ag an gcluiche cuimhne inné go raibh sé
tríocha a sé. Triaileann Conor Sorcha ach níl mórán spéise aici ann. Tá spéis
Aingil i gConor ag méadú ar feadh an ama. Nuair nach n-éiríonn le Conor
Sorcha a mhealladh, triaileann sé Aingeal. Tá Aingeal an-sásta leis seo.
Socraíonn siad ar chastáil le chéile ar ball ach, roimhe sin, tagann Aingeal ar
Chonor agus Rita ag pógadh. Tagann Aingeal ar cheadúnas tiomána Chonor.
Faigheann sí amach ón eolas atá ar fáil ann nach inniu a bhreithlá agus go
bhfuil sé deich mbliana níos sine ná mar atá tugtha le fios aige. Agus ní
bainisteoir comhlachta é, ach tiománaí leoraí. Cuirtear an ruaig ar Chonor sa
vótáil!



Tagairt (1)